Bhí sceitimíní ar pháistí uile na scoile lena gcuid bricfeasta ar scoil.  Bhain gach duine i Scoil Aonghusa an-taitneamh as na croissants, torthaí agus an sú oráiste a bhí againn ar maidin. Go raibh míle maith agat le Cumann na dTuismitheoirí agus na tuismitheoirí a chabhraigh linn an scoil a mhaisiú agus stiallbhratacha a chrochadh.

Cliceáil anseo le haghaidh foclóir a bhaineann le bricfeasta. Tugaimid cuireadh do gach clann sa scoil bricfeasta a ithe le chéile uair sa tseachtain agus Gaeilge a labhairt ar feadh 4 sheachtain.

  1. Roghnaigh lá sa tseachtain
  2. Suigh síos mar chlann. 
  3. Ith bricfeasta le chéile agus labhraigí Gaeilge.