Tá An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag tabhairt pacáiste tacaíochta ar fáil do thuismitheoirí ón Roinn. Tá leabhrán ann do thuismitheoirí a bhfuil sé mar chuspóir aige comhairle phraiticiúil a chur ar thuismitheoirí maidir le páistí a thógáil le Gaeilge chomh maith le dlúthdhiosca rannta agus leabhar rannta atá oiriúnach do pháistí. Níl le déanamh ag tuismitheoirí ach teagmháil a dhéanamh leis an Roinn chun an pacáiste a fháil.

An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.