FÁILTE
Is scoil do chailíní agus do bhuachaillí idir 4 agus 13 bliana d’aois í Scoil Aonghusa. Múintear na hábhair ar fad trí mheán na Gaeilge ach amháin Béarla agus is í Gaeilge teanga cumarsáide na scoile. Is pobal d’fhoghlaimeoirí sinn, idir múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí agus oibrimid as lámh a chéile chun na torthaí is fearr a bhaint amach d’ár bpáistí. Teastaíonn uainn, thar aon rud eile, go mbeidh ár bpáistí sona agus sábháilte agus iad ag fás, ag foghlaim agus ag forbairt.
WELCOME
Scoil Aonghusa is a co-educational primary school in Drogheda accommodating pupils between 4-13 years of age. All subjects are taught through the medium of Irish (except for English) and Irish is the main language of communication within the school. We are a community of teachers, students and parents that strive to achieve the best results by working hand in hand with each other for the benefit of the pupils in our care. Above all else, we want our pupils to be happy and safe as they grow and learn.
If you have any questions, I invite you to give us a call on (041) 9832531 or email us at oifig.scoilaonghusa@gmail.com
Is mise le meas,
Edel Ní Bhroin
Príomhoide
Sainmheon na Scoile
Is bunscoil lán-Ghaelach mheasctha le sainspiorad Caitliceach í Gaelscoil, Scoil Aonghusa. Is pobal fáilteach é Scoil Aonghusa.
An phríomhaidhm atá againn i nGaelscoil, Scoil Aonghusa ná oideachas lán-Ghaeilge d’ardchaighdeán a chur ar fáil do na daltaí go léir le béim agus meas ar ár gcultúr.
Táthar ag súil go rachaidh a saol scoile i bhfeidhm orthu go dearfach le linn a dtréimhse sa Ghaelscoil agus go mbeidh dearcadh dearfach ag daltaí na scoile ar an nGaeilge agus cuimhní deimhneacha acu ar a saol scoile amach anseo.
Tá sé mar aidhm ag Scoil Aonghusa a bhfuil de mhaitheas i ngach páiste a chothú agus a thabhairt chun foirfeachta agus gach páiste a chur ar thóir na maitheasa sa saol atá thart air/uirthi trí aithne a chur ar an bpáiste ina iomlána agus dlúthcheangal a chothú idir an scoil agus an baile.
Is í an Ghaeilge teanga na scoile. Is trí mheán na Gaeilge a ghlacann na páistí páirt i ngach rud ar scoil.
School Ethos
Scoil Aonghusa is a mixed all Irish speaking school with a Catholic Ethos. We are a welcoming community.
The main aim of our school is to provide a high- quality education for each student with emphasis on respect and our culture.
It is hoped that school life will have a positive effect on each child throughout their time in our school, that our students will have a positive outlook on the Irish language and that our students will have positive and happy memories of the school and of their primary education.
It is an aim of Scoil Aonghusa to develop and to bring to the fore the good and the talents of each child, through getting to know the whole child and with close cooperation between home and school, in order that each child can contribute positively to their environment and community.
Irish is the first language of the school. It is through the Irish language that children participate in school activities.
Nuachtlitir an tSamhraidh – Summer Newsletter June 2026
Nuachtlitir an tSamhraidh ar fáil anseo - Click here to read our Summer Newsletter 2026
An Chéad Chomaoineach-First Holy Communion 2026
An Chéad Chomaoineach Comhghairdeas le Rang 2 agus gabhaimid buíochas le pobal na scoile. Congratulations to Rang 2 and thank you to our school community - please click below for photos of our First Holy Communion celebrations Go raibh maith agaibh - Céad Chomaoineach...
Ag Siúl ar Scoil – Walking Bus
Cliceáil anseo "Ag Siúl ar Scoil"- Please click here for information on our "walking bus"
Nuachtlitir na Cásca – Easter Newsletter
Easter Greetings from Scoil Aonghusa - Beannachtaí na Cásca ó Scoil Aonghusa - Márta 2026
Seachtain na Gaeilge 2026
Please click here to see our Seachtain na Gaeilge newsletter - Imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2026
Imeachtaí Feabhra agus Márta – School Events February and March 2026
Dátaí don Dialann Márta agus Feabhra 2026 - Click here for a list of School Events in February and March 2026
After School Activities – Gníomhaíochtaí Iarscoile
Please click here for Information on the after school activities for January to March 2026 - Gníomhaíochtaí Iarscoile Eanáir go Márta 2026 ar fáil anseo
Crannchur na Nollag
Tá duaiseanna den scoth ann i mbliana agus táimid fíorbhuíoch de na hurraitheoirí fláithúla ar fad. Seol na cártaí ar ais chuig an scoil le do thoil roimh Dé Luain 15 Nollaig 2025. Tá liosta na nDuaiseanna agus Urraitheoirí ar fáil anseo. This year there are...
Imeachtaí na Nollag – Christmas Events
Seo Clár imeachtaí na Nollag i Scoil Aonghusa. Guímid gach beannacht oraibh do sheachtainí na hAidbhinte agus le bhur n-ullmhúcháin don Nollaig. Please click here for the schedule of Christmas Events in Scoil Aonghusa for the month of December. We wish you every...
Cumann na dTuismitheoirí AGM
Beidh CCB Chumann na dTuismitheoirí ar siúl sa scoil ar 11/11/2025. Fáilte roimh gach tuismitheoir agus caomhnóir. The Cumann na dTuismitheoirí AGM will take place on 11/11/2025. All Parents and guardians welcome. Please click on the links below for the agenda and...


